skip to main content

Baol go gcaillfear an t-aon tábhairne atá ag pobal beag Gaeltachta in Uíbh Ráthach

Tá Tábhairne na hAoine sa Dromaid ar díol le dhá bhliain anois ach níl aon cheannaitheoir tagtha chun cinn.
Tá Tábhairne na hAoine sa Dromaid ar díol le dhá bhliain anois ach níl aon cheannaitheoir tagtha chun cinn.

Tá iarrachtaí ar bun ag pobal beag Gaeltachta in Uíbh Ráthach tigh tábhairne an pharóiste a cheannach. Tá Tábhairne na hAoine sa Dromaid ar díol le dhá bhliain anois ach níl aon cheannaitheoir tagtha chun cinn. Fé imní go gcaillfear láthair shóisialta thábhachtach, tá feachtas bailithe airgid ar bun ag Coiste Forbartha na Dromada chun an tábhairne a cheannach.

B'é bainisteoir peile Chiarraí, Jack O’Connor, agus a dheartháir Maidhc a thóg an tábhairne i gCillín Liath i bparóiste na Dromada sa bhliain 1989. Tá a ndeartháir Humphrey O’Connor ina bhun ó 1996 i leith. Anois tá fonn air féin agus ar a bhean Noreen dul ar scor.

Tá an foirgneamh ina bhfuil an tábhairne, siopa agus tigh cónaithe ar an margadh le dhá bhliain ach is beag spéis atá curtha sa ghnó tábhairne.

Tá baol ann go gcaillfear an tábhairne agus tá sé beartaithe ag an gcoiste pobail áitiúil, Forbairt na Dromada, é cheannach.

Tá ról lárach ag Tábhairne na hAoine sa phobal agus is ann a bhíonn na hócáidí
pobail go léir

Tá morgáiste ceadaithe don gcoiste ag an mbanc ach tá €100,000 d’easnamh idir an morgáiste gur féidir leis an gcoiste a sheasamh agus an praghas atá á éileamh ar an dtábhairne. Tá feachtas bailithe airgid GoFundMe curtha ar bun ag an gcoiste anois chun an bhearna san a líonadh.

Deir Emir Ní Mhurchú go bhfuil fís ag an gcoiste an tábhairne a fhorbairt mar lár-ionad sóisialta don Dromaid. Deir sí leis go bhfuil dhá acra talún ag teacht leis an suíomh agus go bhfuil deiseanna ann beartais turasóireachta ar nós "glampála" a chur ar bun ann mar thaca leis an ngnó tábhairne.

Deir Micheál Ó Súilleabháin agus Micheál Ó hAilíosa go bhfuil ról lárnach ag an dtábhairne i saol an pharóiste agus go bhfuil sé riachtanach é a choimeád ar oscailt. Níl aon tábhairne eile sa ghleann agus is ann a bhíonn na hócáidí pobail go léir.