skip to main content

Easaontas idir úineirí talún ar phortach i ndeisceart Chontae na Gaillimhe agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

Easaontas idir úineirí talún ar phortach i ndeisceart Chontae na Gaillimhe agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir leis an bportach a athfhliuchadh
Easaontas idir úineirí talún ar phortach i ndeisceart Chontae na Gaillimhe agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir leis an bportach a athfhliuchadh

Tá easaontas idir úneirí talún ar phortach i ndeisceart Chontae na Gaillimhe agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir leis an bportach a athfhliuchadh.

Tá an portach in aice Phort Omna áirithe mar cheantar speisialta caomhnaithe agus stop curtha le móin a bhaint ann, ach, deir cuid do na húinéirí gur talamh príobháideach atá ann agus nach bhfuil siad chun cead a thabhairt don ghníomhaireacht stát dul isteach ar a gcuid talún.

Tá inneallra trom tosnaithe ag obair ar phortach ard ghráige i ndeisceart na Gaillimhe chun an portach a athfhliuchadh.

Bhí móin á baint ann lena blianta ach tá an portach ar cheann don 53 portach atá áirithe anois mar cheantair speisialta caomhnaithe agus da réir tá sé i gcoinne an dlí móin a bhaint ann.

Mar chuid do phlean an stáit chun athshlánú a dhéanamh ar an bportach, tá os cionn 30 ciliméadar do dhraenacha le blocáil chun an portach a athfhliúchadh.

Is í an tseirbhís páirceanna náisiúnta agus fiadhúlra atá i gceannas ar an bplean agus Bord na Móna mar chonraitheoirí acu air.

Cé go raibh sé beartaithe tús a chur leis an obair sin an tseachtain seo, chuir cuid d'unéirí an phortaigh ina choinne agus dúirt siad nach raibh siad ag tabhairt cead isteach ar a gcuid talún.

Lean cruinniú 4 uair a choig idir na h-uineirí, baill shinsearach ón tSeirbhís Páirceanna agus Fiadhúlra agus ó Bhord na Móna. I ráiteas, deir an tSeirbhís go raibh plean déanta amach chun athshlanú a dhéanamh ar an bportach.

Bhí an portach i bPort Umna ar cheann do na portaigh is mó a raibh achrann i gceist leis nuair a cuireadh stop le baint na móna ar chuid do phortaigh na tíre seo.