skip to main content

Ba cheart do chlubanna an CLG fuil a dheonú, a deir peileadóir óg

Thosaigh Gearóid Ó Conghaile (34) ag deonú fola i ndiaidh a ghualainn a bhriseadh ag imirt peile nuair a bhí sé 18 bliana d'aois.
Thosaigh Gearóid Ó Conghaile (34) ag deonú fola i ndiaidh a ghualainn a bhriseadh ag imirt peile nuair a bhí sé 18 bliana d'aois.

Is peileadóir agus iománaí le Cumann Mícheál Breathnach i gCo. na Gaillimhe é Gearóid Ó Conghaile.

Tá sé 34 bliain d'aois ach tá críonnacht san fhear óg aclaí seo – deonaíonn sé fuil gach trí mhí nuair a thagann an Bord Fuilaistriúcháin go Gaillimh.

"Déanaim é," a deir Gearóid, "de bhrí go gcreidim go mbeidh an fhuil sin ina chabhair ag duine éigin in ospidéal éigin ó seo go ceann roinnt seachtainí."

Ocht mbliana déag a bhí sé nuair a thosaigh sé ag deonú fola.

"Bhris mé mo ghualainn ag imirt peile agus b’éigean óbráid a chur uirthi. Níor theastaigh aistriú fola uaim san am sin ach smaoinigh mé dá dtarlódh rud níos measa do dhaoine thart orm gur mhaith liom a bheith in ann cúnamh a thabhairt."

Is nuair a dheonaigh sé fuil den chéad uair a fuair Gearóid amach go raibh cineál fola an-annamh aige – an grúpa AB diúltach. Seo an grúpa fola is neamhchoiteanta in Éirinn – níl sí ach ag 1% den phobal – agus cé go nabrann Gearóid go magúil "nach fiú mórán" a chuid fola do mhórán, tá sé faighte amach aige go bhfuil luach as cuimse ar an phlasma a bhaintear as an fhuil.

"Dúradh liom go bhfuil siad in ann an plasma a thabhairt do leanaí nuabheirthe agus tá sin tábhachtach domsa," a dúirt Gearóid a bhfuil iníon óg aige.

Ba mhaith leis dá mbeadh tuilleadh daoine óga agus fir go háirithe ag deonú fola.

"Bíonn lucht spóirt ag rá go gcuirfeadh sé as dá gcuid traenála in iomarca – níl seo fíor. Cinnte b’fhéidir nach mbeadh an oiread céanna fuinnimh agat ar feadh seachtaine nó mar sin tar éis fuil a dheonú, ach níl siad ag iarraidh ort fuil a thabhairt ach uair chuile 3 mhí. Is féidir do chuid traenála agus cluichí a phleanáil thart timpeall air sin," a dúirt sé.

"Breathnaigh ar do chuid cairde – b’fhéidir go dteastódh do chúnamh ó dhuine acu sin. Tá súil agam nach dteastódh ach tá seans ann go dtarlódh sé agus ba mhaith liom a bheith in ann cúnamh."

Ní ach 3% den phobal anseo ina ndeontóirí fola ach tá an t-éileamh ar aistrithe fola de shíor ag méadú.

"Sé an rud ceart le déanamh é – sin an chaoi a mbreathnaím air. Teastaíonn fuil i gcónaí ó dhuine éicint agus tá níos mó is níos mó daoine ag brath air anois ná a bhí roimhe seo."

'D'fhéadfadh clubanna Chumann Lúthchleas Gael cabhrú go mór'

Creideann Gearóid dá dtiocfadh níos mó daoine óga agus lucht spóirt amach le fuil a dheonú go laghdódh sé an brú ar an chóras.

"Airíonn muid chuile bhliain go bhfuil ganntan fola ann. Dá dtabharfadh gach ball fásta i gclub Cumann Lúthchleas Gael amháin sa tír fuil go rialta – b'ionann sin agus seachtain iomlán de sholáthar fola. Cinnte beidh méid áirithe ann i gcónaí nach mbeidh in ann fuil a dheonú mar go mbeidh a gcuid iarainn ró-ard nó ró-íseal nó a leithéidí, ach thabharfadh sé cúnamh ollmhór don Bhord Fuilaistriúcháin agus bhainfeadh sé an brú den gcóras," a dúirt Breandán.

Tá an Bord Fuilaistriúcháin ag achainí ar dhaoine óga agus go deimhin ar dhaoine de gach aois nár dheonaigh ariamh roimhe smaoineadh ar fhuil a dheonú.

"Tá muid ag iarraidh ar dhaoine nár thug fuil ariamh, nó le fada, sin a dhéanamh agus bronntanas na beatha a thabhairt dóibh siúd inár measc a bhfuil gá acu leis," a dúirt Paul McKinney, Stiúrthóir Seirbhísí Deontóra an Bhoird.

Ní ach 3% den phobal anseo ina ndeontóirí fola agus deir an Bord Fuilaistriúcháin go bhfuil an t-éileamh ar aistrithe fola de shíor ag méadú. Bíonn gá le 3,200 aonad fola in aghaidh na seachtaine le soláthar fola a chinntiú. Meastar go mbeidh gá ag duine as gach 4 le haistriú fola am éigin ina saol.

Chaill roinnt mhaith daoine a ndeis fuil a dheonú de bharr Stoirm Eowyn agus tá an Bord Fuilaistriúcháin ag achainí ar an phobal, go háirithe i gceantair an iarthair agus lár tíre, coinne a dhéanamh le clinic dá gcuid ag 1800 731 137 nó giveblood.ie