Bhí idir dhaltaí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean inniu chun aird a tharraingt ar an easpa dul chun cinn atá déanta, dar leo, ó fógraíodh anuraidh go raibh meánscoil lán-Ghaeilge nua le bunú i mBaile Átha Cliath.
Gealladh i mí Mheán Fómhair 2024 go ndéanfaí Gaelcholáiste de Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge agus go n-osclódh an scoil i mí Mheán Fómhair 2026.
Tá imní ar dhaoine atá bainteach le cúig Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 go bhfuil an gealltanas sin ligthe i ndearmad, áfach.
Chomh maith leis an easpa gnímh, a deir siad, tá an easpa eolais ag goilleadh orthu.

Cuid de na daoine a bhí páirteach san agóid inniu, tá siad i mbun feachtais ar son Ghaelcholáiste nua le trí bliana.
Dar leo go bhfuil géarghá le meánscoil lán-Ghaeilge le freastal ar riachtanais oideachais dhaltaí ó na cúig bhunscoil atá i gceist, mar atá, Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg agus Scoil Bhríde.
Gealltar go ginearálta sa Chlár Rialtais go gcuirfear leis na deiseanna atá ann faoi láthair daoine óga a chlárú i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí.
Creideann lucht an fheachtais, ámh, nach dtiocfaidh na deiseanna breise sin in am do dhaltaí na linne seo mura gcomhlíonfaidh an tAire Oideachais Helen McEntee gan mhoill ar gealladh go sonrach i dtaobh Ghaelcholáiste Shráid Synge.

Beidh cruinniú tráthnóna amárach ag Helen McEntee le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, riarthóirí Scoil Shráid Synge, leis an scéal a chíoradh.
Arú amárach Lá Fhéile Vailintín agus bhí cártaí speisialta réitithe le haghaidh an Aire McEntee ag na daltaí a bhí páirteach san agóid inniu le súil í a mhealladh agus a chur ina luí uirthi gan a gcroíthe beaga a bhriseadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ