skip to main content

'Ní raibh a fhios cá háit go baileach san Ómaigh ar fágadh an buama'

An Ómaigh: ní rabhthas cinnte de an ag barr nó i lár na sráide a fágadh an buama
An Ómaigh: ní rabhthas cinnte de an ag barr nó i lár na sráide a fágadh an buama

Ag an fhiosrúchán poiblí faoi bhuamáil na hÓmáí, dúirt fear a tháing slán ón ár cé go raibh foláireamh tugtha faoin bhuama go raibh neamhchinnteacht ann faoi cá háit go baileach ar fágadh é.

Maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fágtha ag an Fhíor-IRA i lár na hÓmaí i gCo Thír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998.

I ráiteas a rinne sé ag an fhiosrúchán inniu, dúirt Ian Ferguson go raibh sé ag obair i siopa tirimghlantóirí a bhí ag a mhuintir san Ómaigh ag an am.

Dúirt sé gur tháinig duine isteach sa siopa lena rá go raibh foláireamh tugtha faoi bhuama a bheith fágtha ag barr na sráide ach go ndúradh ina dhiaidh sin go raibh an buama níos cóngaraí do lár na sráide.

Bhog na póilíní an ribín slándála anuas an tsráid agus nuair a bhí gach duine curtha amach as an siopa aige, arsa sé, phléasc an buama.

Díreach ina dhiaidh sin, phill Ian Ferguson ar an siopa agus chuaigh sé i ngleic leis na lasracha le múchtóirí dóiteáin.

Chuir sé sé tuáillí agus éadach eile ar fáil le cuidiú le daoine ar an tsráid a bhí leonta tar éis na buamála.

Chonaic sé an sagart áitiúil an tAthair Kevin Mullan ag cur na hola déanaí ar dhaoine agus chonaic sé daoine eile á gclúdach le braillíní, a dúirt sé.

Bean a gortaíodh go han-dona san uafás, Pauline Harte, rinne sí cur síos inniu ar ar bhain di an lá sin.

Pauline Harte ag an fhiosrúchán poiblí san Ómaigh inniu

Dúirt sí gur baineadh an chos chlé di nuair a thuirling inneall agus fearsaid an ghluaisteáin ina raibh an buama, nuair a thuirling siad anuas uirthi.

Thug sí le fios gur chuidigh seisear fear léi í féin a shaoradh ón smionagar agus gur leáigh a craiceann ar lámha dhuine de na fir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ