Tá comparáid déanta ag an Taoiseach Micheál Martin idir Intleacht Shaorga na ré seo agus theacht an chlóphreasa agus an Réabhlóid Thionsclaíoch san am a caitheadh.
Agus é ag freastal ar chruinniú mullaigh idirnáisiúnta i bPáras maidir le hIntleacht Shaorga, dúirt an Taoiseach nár mhór nuálaíocht agus rialáil a chomhordú agus thug le fios go raibh imní air faoi rialáil ródhocht go háirithe.
Mura bhfuil tíortha eile an domhain ag déanamh rialáil ar Intleacht Shaorga, d'fhéadfadh an tAontas Eorpach titim chun deiridh, arsa sé.
I measc na gceannairí idirnáisiúnta atá ag freastal ar an gcruinniú i bPáras, tá Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance, Príomh-Aire na hIndia Narendra Modi agus LeasPhríomh-Aire na Síne Zhang Guoqin.
Tá príomhfheidhmeannaigh ollchomhlachtaí teicneolaíocha i láthair freisin, Sundar Pichai ó Google agus Sam Altman ó OpenAI ina measc.
Dúirt Micheál Martin go raibh imní ar roinnt daoine ar labhair sé leo i bPáras go dtí seo faoin gcontúirt a bhaineann le hIntleacht Shaorga mura rialáiltear é mar is ceart.
Tá imní ar dhaoine, cuir i gcás, go rachaidh Intleacht Shaorga i gcion ar dhaoine óga, go mbainfidh sé an bonn den daonlathas agus go gcothóidh sé naimhdeas i measc daoine dá chéile, a dúirt sé.
Os a choinne sin, arsa sé, chreid sé go raibh ballstáit an Aontais Eorpaigh ag iarraidh a bheith chomh nuálaíoch leis na Stáit Aontaithe agus tíortha eile.
Tharraing sé aird ar an tairbhe mhór is féidir a bhaint as Intleacht Shaorga i réimsí éagsúla, leithéidí galair a dhiagnóisiú gan mhoill agus go fíorchruinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ