Bhí suas le 100 duine i láthair ag tionól éigeandála a d'eagraigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inniu faoin laghdú d'os cionn €800,000 ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge a fógraíodh an tseachtain seo caite agus faoin laghad maoinithe a chreideann an Conradh a chuirtear ar fáil don Fhoras go ginearálta.
Is in oifigí an cheardchumainn UNITE i lár Bhaile Átha Cliath a tháinig na grúpaí Gaeilge ó cheann ceann na tíre le chéile lena míshástacht faoin scéala a chur in iúl agus le straitéis chun cur in aghaidh an chiorraithe a phlé.
Agus corda an spaga fáiscthe tuilleadh, tá sé beartaithe ag Foras na Gaeilge deireadh ar fad a chur le tograí ar leith agus tograí eile a ghearradh siar.
Beidh tionchar tromchúiseach ag an gciorrú is deireanaí ar an dul chun cinn atá déanta le tamall le bhlianta, dar leis na toscairí a bhí ag an tionól inniu.

Tugadh le fios gur coistí beaga agus eagraíochtaí pobail is mó a bheas thíos leis agus dúradh go bhfuil baol mór ann nach mbeidh cuid acu in acmhainn cíos a íoc feasta.
Ruairí Ó Donnáin ó Chonradh na Gaeilge Bhoirche Íochtar i gCo an Dúin, dúirt sé go bhfuil an-tóir ar sheirbhísí Gaeilge san áit, cuir i gcás, an Ghaelscoil nach raibh ann ach ceathrar daltaí ar an gcéad dul síos ach ina bhfuil 31 dalta i Rang 1 anois.
Ach oiread le muintir an Dúin, ní mó ná sásta atá Gaeilgeoirí Chill Dara.
Dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin ó Chill Dara le Gaeilge go bhfuil imní uirthise nach mbeifear in ann campaí samhraidh agus imeachtaí éagsúla do theaghlaigh a eagrú feasta mar gheall ar an ngearradh siar.
Nuair a scoireadh an tionól tráthnóna, dúirt Julian de Spáinn go bhfuil imní ar na toscairí ar fad faoina bhfuil i ndán dá n-eagraíochtaí agus dúirt go bhfuil siad ar aon aigne go bhfuil gá le feachtas náisiúnta "chun an cheist a bhrú chun cinn agus réiteach sásúil a aimsiú láithreach".
Bunaíodh Foras na Gaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus fearacht fhorais eile trasteorann, tagann 75% de chiste an eagrais ó Rialtas na hÉireann agus 25% ó Fheidhmeannas Stormont.
Tá modh nua maoinithe socraithe le bonn níos láidre a chur faoin bhForas ach níl sé curtha i bhfeidhm ag Feidhmeannas Stormont fós mar nach bhfuil an DUP sásta glacadh leis.
I ráiteas a d'eisigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail tráthnóna, dúradh "cé go bhfuil airgead breise ar fáil i mbuiséad na Roinne seo le blianta beaga anuas (2025 san áireamh), is gá cómhaoiniú de réir an cóimheas maoinithe a bheith ar fáil ón Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann, sular féidir aon ardú a chur ar bhuiséad an Fhorais".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ