Tá 6 bliana príosúin gearrtha ar Gharda a rinne ionsaí mígheanasach ar bhean agus a rinne príosúnú mídhleathach uirthi i mbeairic i gCo Chill Mhantáin.
Anuraidh a ciontaíodh an Garda William Ryan (41) ar 3 chúis ionsaithe gnéis agus cúis amháin faoin mbean a ghéibheannú i stáisiún na nGardaí in Eachtroim mí Mheán an Fhómhair 2020.
Bhí na cúisimh séanta aige ach chiontaigh giúiré é.
Dúirt a abhcóide inniu go nglacann sé go hiomlán anois leis go raibh sé ciontach sna cúisimh go léir.
D'éirigh sé as an nGarda Síochána mí Mheán an Fhómhair anuraidh, tar éis dó 19 bliain a chaitheamh ar an bhFórsa.
Bhí an bhean tar éis a ghabhail ag an mbeairic le comhairle a lorg ar an nGarda Ryan faoina carr a fháil ar ais tar éis don fheithicil a bheith gafa agus a mac á tiomáint.
Chuidigh an Garda léi a carr a fháil ar ais ach dúirt sé ansin go mbeadh uirthi "íoc ar an ngar" a bhí déanta aige di.
Bhí doras na beairice faoi ghlas agus dhiúltaigh an Garda Ryan cead amach di.
Is ansin a rinne sé níos mó ná ionsaí amháin mígheanasach uirthi.
Dúirt an Breitheamh Elma Sheahan go raibh prionsabal an bhacaidh tábhachtach agus pionós á ghearradh ar chomhalta sna Gardaí, ionas go mbeadh lán a muiníne ag an bpobal sna Gardaí.
Dúirt an bhean ina ráiteas iarmhairtí os comhair na cúirte go raibh sí "briste agus maslaithe" le linn na trialach, go raibh sí íslithe faoi dhó ag an nGarda Ryan, an chéad uair nuair a d’ionsaigh sé í agus arís nuair a shéan sé an méid a bhí déanta aige sa gcás cúirte.
Dúirt sí nach raibh an oiread eagla agus míchompórd riamh uirthi agus í ag tabhairt fianaise agus "grianghraifeanna príobháideacha díom á scaipeadh i seomra na cúirte."
Le linn na trialach bhí fianaise tugtha aici faoin méid a tharla.
Dúirt sí go raibh an Garda Ryan tar éis a rá léi "éadaí teann a chaitheamh" agus é ag tabhairt cuireadh di a theacht ag an mbeairic.
Nuair a bhí sí ann thosaigh sé ag trácht ar a colainn, rug sé greim uirthi agus thug sé buille boise sa tóin di agus í ag éirí le fágáil.
Dúirt sí go dhúirt an Garda ansin go gcaithfeadh sí é a chúiteamh as an ngar a bhí déanta aige di.
Dúirt sí gur imigh an mhothú aisti.
Bhí sé ina sheasamh os a comhair, gan í in ann a ghabháil tharais, agus shocraigh sí grianghraif di féin i mbikini a thaispeáint dó len é a shásamh.
Mar sin féin d’ionsaigh sé go mígheanasach arís í agus í ag gabháil suas an staighre ag an leithreas.
An oíche sin d’inis sí dá fear céile céard a bhí tarlaithe agus dúirt sí leis gur chreid sí gur beag a d’fhéadfaí a dhéanamh mar gheall gur Garda a bhí ann agus "gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh le duine."
Dúirt sí go raibh tionchar tubaisteach ag an méid a d’fhulaing sí le breis is 4 bliana ar a saol go poiblí agus go príobháideach.
Níl sí in ann níos mó a deir sí na gasúir a thabhairt ag an scoil le teann náire.
Ghlac sí buíochas leis na Gardaí ar fad a chuidigh léi le linn an phróiséis. Chreid siadsan í a dúirt sí, agus marach sin ní bheadh ar a cumas a bheith gaibhte ar aghaidh leis an gcás.