Tá malrach 17 bliain d'aois tar éis pléadáil ciontach in iarracht an tAthair Paul Murphy, séiplíneach de chuid an Chéad Chathláin in Óglaigh na hÉireann, a dhúnmharú.
Sáthadh an tAth Murphy agus é ina shuí ina charr níos mó ná uair amháin san ionsaí anuraidh.
Ag éisteacht ghairid díotchúisimh tráthnóna sa bPríomhChúirt Choiriúil phléadáil an déagóir ciontach as an ionsaí agus as an iarracht ar dhúnmharú ag Dún Uí Mhaoilíosa, beairic an Airm ar an Rinn Mhór i gCathair na Gaillimhe, an 15ú Lúnasa 2024.
16 bliain d’aois a bhí sé ag an am. Ní féidir a ainm a fhoilsiú dá bharr sin.
Inniu d’iarr an Breitheamh Paul McDermott tuairisc promhaidh ó Ionad Coinneála Bhaile an Oibricigh agus chuir sé siar an cás go dtí an 7ú Márta nuair a shocrófar dáta le pionós a ghearradh.
Beidh deis an lá siúd ag an Ath Murphy atá 53 ráiteas a thabhairt faoi iarmhairtí an ionsaithe, tar éis dó seal a chaitheamh san ospidéal anuraidh ag teacht chuige féin.