Tá daoine a bhíonn ag obair leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an dá thaobh den teorainn le cruinniú éigandála a ghairm i mBaile Átha Cliath, in oifigí an cheardchumainn UNITE, faoi laghdú ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a bhfuil milleán á chur ar an DUP faoi.
Tá an Foras tar éis fógairt go mbeidh €800,000 d'ísliú le cur i bhfeidhm acu ar scéimeanna agus ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhíonn ag cur na teanga chun tosaigh.
Curfar deireadh ar fad le tograí ar leith agus beidh gearradh siar ar thograí eile a deir an Foras, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998.
Maoiníonn siad coláistí samhraidh, féilte agus imeachtaí ealaíona, comharthaíocht tráchtála do ghnónna agus tograí eile.
Fearacht chomhlachtaí eile trasteorann tagann 75% de chiste an eagrais ó Rialtas na hÉireann agus 25% ó Fheidhmeannas Stormont.
€17.7 milliún a bheidh le caitheamh i mbliana acu, laghdaithe ó €16.9m, ach deir an Foras go bhfuil an buiséad á chreimeadh de réir a chéile le blianta beaga anuas, fiú agus costaisí ag ardú.
Tá módh nua maoinithe pléite agus aontaithe ag na Ranna Airgeadais ó thuaidh agus ó dheas le bonn níos láidre a chur faoin bhForas, ach níl sé curtha i bhfeidhm fós mar nach bhfuil Stormont sásta glacadh leis.
5 huaire le 6 mhí anuas atá an phlean nua curtha faoi bhráid Chomhthionól Thuaisceart Éireann, agus é diúltaithe gach babhta.

Tá Leas-CéadAire an Tuaiscirt, Emma Little-Pengelly ón DUP, tar éis a thabhairt le fios gur "cothromaíocht" atá uaithi féin agus óna páirtí.
"Tuigim" a deir sí "go raibh an tAire Airgeadais ó dheas ag iarraidh sciar an deiscirt den mhaoiniú a ardú, rud a sháródh an chothromaíocht ó thaobh an mhaoinithe.
Ní aontaím leis sin agus níl aon aontú faoin moladh ag an tráth seo."
"Veto 32 condae" atá ar bun ag an DUP a deir lucht gnímh ar son na Gaeilge.
"Tá ceisteanna go leor ann don DUP" a deir Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge "agus níos mó ceisteanna fós do Shinn Féin, a gcomhghleacaithe sa Rialtas, agus tá ceisteanna ann chomh maith don phríomh-chomhpháirtí san socrú faoin maoiniú, sin iad Rialtas na hÉireann."
"Tá lochtanna bunúsacha" ar an múnla mar atá do mhaoiniú na Gaeilge a deir Pádraig Ó Tiarnaigh.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge an tOllamh Regina Uí Chollatáin go raibh siad ag cur an laghdú ar an maoiniú i bhfeidhm "ar bhealach a choinneoidh postanna daoine slán" agus dúirt sí go raibh súil aici "nach mbeadh ann ach gníomh sealadach".

Ach deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go bhfuil an fhadhb ag borradh le blianta fada, "ceal maoiniú ceart".
"Tá an tsáinn seo ar na bacáin le 10 mbliana" a deir ceannaire an Chonartha "agus muid de shíor ag iarraidh é sin a chur ina luí ar an dá rialtas, ó thuaidh agus ó dheas".
Níl maoiniú ceart ón tús a deir sé faighte ag Foras na Gaeilge, "iad taobh leis an gciste céanna airgid a bheag nó a mhór le 20 bliain" nuair a bhí costas ag ardú go seasmhach.
"Dá mbeadh maoiniú faighte ag Foras na Gaeilge ag an ráta céanna is atá faighte ag Comhairle na nEalaíona bheadh an Foras anois ag fáil €50 milliún sa mbliain, in áit €17 milliún."
Deir Julian de Spáinn freisin gur coistí beaga agus eagraíochtaí pobail is mó a bheidh thíos leis na ciorraithe agus deir sé go mbeidh cuid acu nach mbeidh in ann a gcuid cíosa a íoc.