skip to main content

Cúlghairm déanta ag Trump ar chead slándála Joe Biden

Dúirt Donald Trump nach bhfuil "aon ghá" ag Joe Biden fáil a bheith aige ar eolas rúnda.
Dúirt Donald Trump nach bhfuil "aon ghá" ag Joe Biden fáil a bheith aige ar eolas rúnda.

Tá cúlghairm déanta ag Uachtarán na Stáit Aontaithe Donald Trump ar chead slándála a réamhtheachta Joe Biden mar chuid de ráig orduithe atá á ndéanamh aige.

Is cuid é an cealú seo de rabharta cinntí a thosaigh nuair a insealbhaíodh Donald Trump ina Uachtarán trí seachtainí ó shin.

Dúirt Donald Trump ar Truth Social, an t-ardán meáin shóisialta a bhunaigh sé féin, nach aon ghá do Joe Biden fáil a bheith aige ar eolas rúnda agus go bhfuil sé ag cur deireadh le ceadú slándála agus le seisiúin faisnéise laethúla.

Aithris an gníomh seo ar chinneadh a rinne Joe Biden i 2021 nuair a d'ordaigh seisean do cheannairí faisnéise stop a chur le Donald Trump eolas a fháil ar chúrsaí slándála na Stát Aontaithe. Dúirt Biden san am sin gur chreid sé nár cheart go mbeadh fáil ar Trump ar sheisiúin faisnéise de bharr a "iompar taghdach" agus baol go roinnfeadh sé eolas rúnda.

Dúirt Donald Trump aréir "go ndearna Joe Biden an fasach seo i 2021."

Tá sé i gceist aige deireadh a chur leis an áisíneacht stáit USAID a riarann cláracha daonchabhrach ar fud an domhain ar shon na Stáit Aontaithe.

Tá deireadh curtha ag an Uachtarán Trump chomh maith le cúnamh stáit don Afraic Theas, tír dhúchais Elon Musk a thug suimeanna ollmhóra airgid dá fheachtas toghchánaíochta.

Aréir d'fhógair sé gur bhfuil rún aige roinnt de bhord an Kennedy Centre i Washington a chur chun bealaigh agus é féin a chur sa chathaoir. Dúirt sé ar Truth Social gur mian leis ionad taibhealaíona an Kennedy Center "a dhéanamh mór arís," agus roinnt mhaith de iontaobhaithe an ionaid "nach bhfuil ar aon tuairim lenár bhfís maidir le Ré Órga sna hEalaíona agus sa Chúltúr" a scor.