skip to main content

183 príosúnach saortha ag Iosrael; triúr giall saortha ag Hamas

Ohad Ben Ami, Or Levy agus Eli Sharabi ar stáitse ag Hamas sula thug siad ar láimh do Chumann na Croise Deirge iad i Deir el-Balah i Gaza
Ohad Ben Ami, Or Levy agus Eli Sharabi ar stáitse ag Hamas sula thug siad ar láimh do Chumann na Croise Deirge iad i Deir el-Balah i Gaza

Tá triúr gialla Iosraelacha agus 183 príosúnach Palaistíneach saortha mar chuid den sos cogaidh i Gaza.

Taispeánadh an triúr giall á scaoileadh saor as ceantar Deir Al-Balah i Gaza i gcraoladh beo teilifíse sular thug Hamas ar láimh do Chumann na Croise Deirge iad.

Thóg Hamas Ohad Ben Ami agus Eli Sharabi ina ngialla ina ruathar ar Kibbutz Be'eri ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, agus d'fhuadaigh siad Or Levy ón bhféile cheoil Nova an lá céanna.

Bhí an chuma ar an triúr fear nach raibh iontu ach an craiceann agus na cnámha nuair a taispeánadh iad ar stáitse ar maidin agus baill de Hamas ar gach taobh dóibh.

Or Levy (ar chlé), Eli Sharabi agus Ohad Ben Ami

Mar chuid den socrú scaoil Iosrael saor 183 príosúnach Palaistíneach - tugadh ceathrar príosúnach go hOirthear Jerusalem, díbríodh seachtar chuig an Éigipt agus cuireadh 131 go Gaza.

I Ramallah ar an Bhruach Thiar atá faoi smacht Iosrael, cuireadh na múrtha fáilte roimh bhus ar a raibh 42 príosúnach ar ligeadh dóibh filleadh ar an Bhruach Thiar.

Ciontaíodh cuid de na príosúnaithe as ionsaithe inár maraíodh na scórtha. Deir Hamas go raibh ocht bpríosúnach déag ag cur isteach téarmaí saoil, agus gur daoine a gabhadh i Gaza i rith an chogaidh an 111 eile.

Príosúnach Palaistíneach ag teacht de bhus i Ramallah ar maidin tar éis do Iosrael é a ligean saor

Tá an malartú seo ag tarlú ainneoin míshuaimhneas mór sa réigiún maidir le fógra Uachtarán Mheiriceá Donald Trump gur mian leis an pobal a ruaigeadh as Gaza agus ligean do na Stáit Aontaithe seilbh a ghacadh ar an stráice Palaistíneach.

Tá diúltaithe scun scan ag tíortha Arabacha agus ag grúpaí Palaistíneacha don mholadh agus é ráite acu gur ionann é agus glanadh eitneach.

Anois an uair, a deir teaghlaigh na nGialla

Tá iarrtha ag fóram na ngialla agus na ndaoine atá ar iarraidh ar rialtas Iosrael cloí leis an sos cogaidh le go scaoilfear saor na gialla Iosraelacha.

Deir an fóram gur anois an uair a chaithfear a chinntiú go gcloífear leis an socrú go dtí go mbeidh an duine deireanach de na gialla agus iad siúd eile atá fós ar iarraidh, arais in Iosrael.

De réir an tsocraithe táthar le 33 bean, páiste agus easlán, chomh maith le fir aosta a scaoileadh saor sa chéad chéim den sos cogaidh, mar mhalairt ar 2,000 príosúnach Palaistíneach atá faoi choinneáil in Iosrael.

Cainteanna faoin dara céim den sos cogaidh

Bhí sé i gceist go gcuirfí tús le na cainteanna ar an dara céim den sos cogaidh Dé Luain, ach níl aon eolas tugtha faoina bhfuil ag tarlú.

Tá sé i gceist go scaoilfí saor tuilleadh gialla Iosraelacha mar chuid den dara céim sin.

D'fhuadaigh Hamas 251 duine ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus thug siad go Gaza iad. Tá 76 giall fós á gcoinneáil, ina measc 34 a deir arm Iosrael atá básaithe.

Ó shin i leith tá ar a laghad 47,583 duine maraithe i gcogadh Iosrael ar Gaza - sibhialtaigh a bhformhór.