Tá Éirinn i measc na dtíortha go bhfuil cáineadh déanta acu ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheirceá, Donald Trump, as smachtbhannaí a chur ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.
Le cois na hÉireann, chuir 78 tír eile a n-ainm leis an gcáineadh. Tuairiscítear go bhfuil an Tánaiste, Simon Harris, an-bhuartha faoi chinneadh Donald Trump, a rinneadh thar oíche, agus gur mar gheall ar an mbuairt sin, go bhfuil Éirinn mar chuid den cháineadh idirnáisiúnta.
Tuigtear go bhfuil daréag Éireannach fostaithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta san Háig.
Tá fainic curtha ar Uachtarán Trump Mheirceá ag na scórtha tír ar fud an domhain go mbeidh forlámhas an dlí idirnáisiúnta idir dhá cheann na meá, má chuirtear na smachtbhannaí seo i bhfeidhm.
"Déanfaidh na smachtbhannaí seo dochar do na fiosrúcháin ar fad atá idir lámha ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i láthair na huaire, mar b'fhéidir go mbeidh ar an gcúirt a cuid oifigí a dhúnadh síos sna áiteanna ina bhfuil siad i mbun fiosraithe", a dúradh i ráiteas a shínigh 79 tír atá ina mbaill den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Is ionann 79 tír agus dhá thrian de na tíortha ar fad atá ina mbaill den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.
Baineann cinneadh na Stát Aontaithe smachtbhannaí a chur ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta leis an "bhfiosrúchán neamhdhlisteanach, nach bhfuil aon bhunús leis", mar a rinne Meirceá cur síos air, "atá á dhéanamh ag an gcúirt ar chomhghuaillí Mheirceá, Iosrael."
atá á dhéanamh ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta maidir le hIosrael agus gur bhain an chúirt
"mí-úsáid" as an gcumhacht atá acu nuair a d'eisigh siad barántas gabhála i leith
Benjamin Netanyahu
De réir ráitis a eisíodh thar cheann Donald Trump, cuireadh i leith na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta gur bhain siad "mí-úsáid" as an gcumhacht atá acu nuair a d’eisigh siad barántas gabhála i leith Phríomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu.
I measc na smachtbhannaí atá curtha ar fhostaithe de chuid na Cúirte Choiriúil Idirnáisiúnta agus ar a dteaghlaigh agus ar aon duine a bhfuil aon bhaint acu leis an gcúirt, beidh a gcuid sócmhainní reoite agus ní bheidh cead taistil acu.
Níl ainmneacha na ndaoine a rachaidh na smachtbhannaí seo i bhfeidhm orthu deimhnithe go fóill.
Tá cáineadh géar déanta ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar na smachtbhannaí seo agus tá siad ag iarraidh ar an 125 tír atá ina mbaill den chúirt tacú lena gcáineadh.