Tá cás mná atá ar iarraidh ón mbliain 2013 rangaithe anois ina fhiosrúchán dúnmharaithe.
Bhí Elizabeth Clarke 24 bliain d'aois nuair a d'imigh sí gan tásc ná tuairisc i mí na Samhna, 2013. Bhí cónaí uirthi san Uaimh i gContae na Mí agus bhí beirt leanaí aici. Sular chuir sí fúithi san Uaimh, bhí cónaí uirthi féin agus ar a clann i bPort Reachrann i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus i mBaile an Bhiataigh i gContae na Mí.
Chuir teaghlach na mná tuairisc faoi bhráid na nGardaí i mí Eanáir 2015 go raibh sí ar iarraidh agus d'fhiosraigh na Gardaí a himeacht.
Thug na Gardaí faoi chuardaigh talúin, aibhneacha agus canálacha, agus d'fhiosraigh siad an cás ó theach go teach.
Ar maidin, dheimhnigh siad go raibh uasghrádú déanta acu ar chás Elizabeth Clarke agus gur fiosrúchán dúnmharaithe atá ann anois. Thug siad le fios freisin go bhfuil cuardach le déanamh acu ar theach i gContae na Mí.
bhfiosrúchán dúnmharaithe
Is í an Fhoireann um Imscrúdaithe faoi Thromchoireanna i gContae na Mí atá ag tabhairt faoin bhfiosrúchán, i gcomhar le Gardaí ó Stáisiún na hUaimhe agus le Biúró Náisiúnta Teicniúil an Gharda Síochána.
Tá na Gardaí fós ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoi imeacht Elizabeth Clarke teagmháil a dhéanamh leo.