De réir figiúirí sealadacha atá eisithe ag Met Éireann, níor taifeadadh gaoth chomh mór riamh sa tír seo leis an ngaoth a shéid le linn Storm Éowyn coicís ó shin.
Baineann na figiúirí le cúig stáisiún aimsire in áiteanna éagsúla sa tír agus léiríonn siad go raibh fórsa hairicín sa ghaoth a taifeadadh i bpéire acu – Ceann Mhása i gCo na Gaillimhe agus Cionn Mhálanna i gCo Dhún na nGall.
Fórsa 12 ar an meán de réir scála gaoithe Beaufort a bhí i gceist sa dá áit sin.
184 ciliméadar san uair a bhí faoin scailp ghaoithe ba thréine agus 142 ciliméadar san uair ar an meán a bhí faoin ngaoth ba thréine i gcaitheamh deich nóiméad.
Mar leis na trí stáisiún aimsire eile, luas 150 ciliméadar san uair faoin ngaoth a taifeadadh i bhFionnúir i gCo Dhún na nGall , 139 ciliméadar san uair i mBaile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe agus 124 ciliméadar san uair sa Ghoirtín i gCo Thiobraid Árann.
Áirítear thart 13,000 teach, feirm agus gnóthas a bheith gan cumhacht leictreach i gcónaí mar gheall ar an stoirm.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ