skip to main content

Farasbarr de €6.3m fanta as an €132m a shaothraigh CLG in 2024

Ceannasaíocht CLG: Ger Mulryan, Stiurthóir Airgeadais; Tom Ryan, Ard-Stiúrthóir; Peter McKenna, Stiúrthóir Staid Pháirc an Chrócaigh agus Tráchtála; agus Jarlath Burns, Uachtarán.
Ceannasaíocht CLG: Ger Mulryan, Stiurthóir Airgeadais; Tom Ryan, Ard-Stiúrthóir; Peter McKenna, Stiúrthóir Staid Pháirc an Chrócaigh agus Tráchtála; agus Jarlath Burns, Uachtarán.

Shaothraigh Cumann Lúthchleas Gael €132 milliún anuraidh, ar méadú de 19% é sin ón mbliain roimhe, de réir thuarascáil bhliantúil Ard-Stiúrthóir na heagraíochta a foilsíodh inniu.

As an €132 milliún sin, is farasbarr de €6.3 milliún a bhí fanta, ar laghdú de €200,000 an méid sin ó 2023.

Is ó áiseanna na heagraíochta a chur ar fáil do dhreamanna éagsúla ar bhealaí éagsúla a saothraíodh beagnach 40% den €132 milliún agus is ó thicéid a dhíol a tháinig beagnach 30% eile.

Mar leis an €127 milliún a caitheadh, is le riachtanais na bhfoirne idirchontae a caitheadh €44 milliún de, sin an tríú cuid.

€2.4 milliún a lamháladh do Chumann Pheil na mBan agus don Chumann Camógaíochta, idir an dá cheann acu, agus gealladh ag seoladh na tuarascála bliantúla i bPáirc an Chrócaigh inniu go gcuirfí níos mó ná sin ar fáil dóibh i mbliana.

Níos mó airgid geallta le haghaidh Pheil na mBan na Camógaíochta i mbliana

Díol suntais a ndúirt an tArd-Stiúrthóir Tom Ryan faoi ghnáthbhaill dhílse na heagraíochta.

Thug sé le fios go raibh luach saothair €1 billiún euro san obair dheonach a rinne na baill ar son na heagraíochta in 2024.

Ina fhianaise sin, dúirt Jarlath Burns, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, go raibh sé fíorthábhachtach a chur in iúl do na baill conas mar a caitheadh an t-airgead a thug siad féin agus daoine eile don eagraíocht.

Deirtear sa tuarascáil bhliantúil gur taispeánadh 300 cluiche ar an teilifís anuraidh, 90% díobh saor go haer agus an chuid eile ar GAAGO, scéal a tharraing conspóid mhór an samhradh seo caite.

Mar leis an am le teacht, is cluiche airdeallach a bhí Tom Ryan a imirt inniu.

Cé gur beartaíodh anuraidh Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Pheil na mBan agus an Cumann Camógaíochta a chónascadh in 2027, dúirt sé ag seoladh na tuarascála go raibh tuilleadh plé le déanamh ar an gceist sin, go háirithe ar airgead, áiseanna agus acmhainní a roinnt, gan trácht ar an imní atá ar na heagraíochtaí éagsúla sin faoin ngradam agus faoin stádas ar leith atá acu i láthair na huaire.

Tuairisceoireacht bhreise: Ciarán Lenoach

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ