skip to main content

Ardú ar phraghas stampa cáinte ag máistrí poist

Líon litreacha a chuirtear sa phost tite 50% le deich mbliana
Líon litreacha a chuirtear sa phost tite 50% le deich mbliana

D'fhógair An Post go gcuirfear 25 cent le praghas an ghnáthstampa níos deireanaí an mhí seo agus gur €1.65 a bheas air ina dhiaidh sin.

Deir An Post go gcaithfear an praghas a ardú mar go bhfuil costais na heagraíochta ardaithe go suntasach le gairid.

Ní mór a chur san áireamh, a deir An Post, go bhfuil ardú pá faighte ag an bhfoireann oibre, go bhfuil costais oibríochta ag ardú an t-am ar fad agus, os a choinne sin, go bhfuil an líon litreacha a sheoltar ag titim an t-am ar fad.

De réir figiuirí a chuir An Post ar fáil, bhí titim de 8% ar an líon litreacha a seoladh anuraidh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, gan trácht ar an titim de 50% le deich mbliana.

Is gnóthais nó forais Stáit a sheolann 93% de litreacha ar na saolta seo. Gnáthdhaoine a sheolann an chuid eile, lena n-áirítear cártaí pearsanta.

Tá an t-ardú ar phraghas stampa cáinte, más ea, ag uachtarán Chumann Mháistrí Poist na hÉireann Seán Martin.

Dúirt sé go rachadh an scéal i gcion ar na daoine is leochailí sa tsochaí, daoine a sheolann litreacha agus cártaí chun muintearas a choimeád le daoine eile.

Thug Seán Martin le fios go mbeadh lucht oifigí poist thíos leis freisin mar gur ó litreacha agus bheartáin a fhaigheann siad an tríú cuid dá n-ioncam.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ