skip to main content

Luasteorainn ar bhóithre tuaithe le laghdú go 60km/u ón Aoine

Is faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2024 atá an t-athrú á chur i bhfeidhm
Is faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2024 atá an t-athrú á chur i bhfeidhm

Tá an luasteorainn ar go leor bóithre tuaithe áitiúla le laghdú ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair ón Aoine beag seo mar chuid d'fheachtas sábháilteachta an Rialtais 'Moilligh an luas, ar son na cúise', mar a thugtar air.

Idir 2020 agus 2024, ba ar na bóithre sin a tharla 73% de thimpistí marfacha.

Bóithre dar tús L ar mhapaí atá i gceist, cuir i gcás, bóthar an L1320 idir an Spidéal agus Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe.

Tá comharthaí nua luasteorann á gcur suas ar na bóithre sin chun aird an phobail a tharraingt ar an athrú.

De réir taighde a rinne an Roinn Iompair, ní rachaidh na hathruithe i gcion mórán ar an achar ama a thógann sé a dhul ó áit go háit, cúpla nóiméad anseo is ansiúd ar a mhéad.

Níos tábhachtaí fós, tugtar le fios sa taighde go laghdaítear an líon timpistí, go háirithe timpistí marfacha, nuair a laghdaítear luasteorainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ