skip to main content

Trump ag moladh Palaistínigh a dhíbirt as Gaza

Lomscrios i gcathair Gaza, 2 Feabhra 2025
Lomscrios i gcathair Gaza, 2 Feabhra 2025

Tá sé molta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump an pobal Palaistíneach a dhíbirt as Gaza go buan, oll-athchóiriú ó bhonn a dhéanamh ar an limistéar agus tír faoi mhil agus faoi bhláth a dhéanamh de.

"Riviera an Mheánoirthir" – só-ionad idirnáisiúnta – atá ar intinn aige, a dúirt sé.

De réir a dtaibhríonn Trump, is iad na Meiriceánaigh a ghlacfadh seilbh ar an limistéar agus is iad a thabharfadh faoi athchuma a chur air.

Gheobhadh na Meiriceánaigh réidh leis na buamaí atá fós gan phléascadh in Gaza, leacóidís an áit ar fad, ghlanfaidís an smionagar as an mbealach agus chruthóidís limistéar dealraitheach a mbeadh dreach iomlán nua air agus a mbeadh tithíocht agus obair ann do chách, arsa Trump.

Mar leis an gcách seo, áfach, ní hiad na dúchasaigh atá ar intinn aige ach "pobal an domhain", mar a dúirt sé.

De réir aisling Trump, bheadh ar Phalaistínigh a gcearta a ligean le heachtrannaigh, imeacht as Gaza agus dul chun cónaí san Éigipt agus san Iordáin.

Tá thart ar dhá mhilliún Palaistíneach ina gcónaí in Gaza.

Donald Trump ag nochtadh a thaibhrimh i láthair Benjamin Netanyahu

Is ag preasócáid in Washington, i láthair Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu, a rinne Trump a chuid fáistiní, agus an-lán faoi mar is dual dó.

Agus deireadh ráite ag Trump, ní dúirt Netanyahu ach gur "ceapadh ab ea é arbh fhiú aird a thabhairt air".

Tá sé ráite ag Palaistínigh agus ag gach dream eile sa Mheánoirthear – seachas na hIosraelaigh – nach bhfuil aon ghlacadh acu le caint Trump, ní nach ionadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ