skip to main content

'Deichniúr' maraithe in ionsaí lámhaigh sa tSualainn

Póilíní ar láthair an ionsaithe i mbaile Örebro
Póilíní ar láthair an ionsaithe i mbaile Örebro

Sa tSualainn, lámhachadh agus maraíodh thart ar dheichniúr in ionad oideachais do dhaoine fásta i mbaile Örebro, 200 ciliméadar siar ón bpríomhchathair Stócólm.

Tuigtear go bhfuil an fear a rinne an t-ionsaí lámhaigh i measc na marbh.

Deir na póilíní nach bhfuil a fhios acu fós cad a spreag an fear leis an áit a ionsaí ach is cosúil nach raibh aon bhaint aige le grúpa coiriúlachta ná le grúpa sceimhlitheoireachta.

Chomh maith leis na mairbh, tuairiscítear gur gortaíodh cúigear ar a laghad san ionsaí, duine acu go han-dona.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ