skip to main content

'Níor throdaithe ar son na saoirse an Fíor-IRA ach a mhalairt'

Michael Gallagher, ar maraíodh a mhac Aiden i mbuamáil na hÓmaí
Michael Gallagher, ar maraíodh a mhac Aiden i mbuamáil na hÓmaí

Ag an fhiosrúchan poiblí faoi bhuamáil na hÓmaí inniu, dúirt Michael Gallagher, ar maraíodh a mhac Aiden san uafás, gur fhógair an Fíor-IRA cogadh ar phobal soineanta sibhialtach an lá sin ar son a gcuspóirí polaitiúla féin.

Trodaithe ar son na saoirse a thug an Fíor-IRA orthu féin ach is í an fhírinne lom gur ghoid siad an tsaoirse ó dhaoine agus gurbh iad na daoine a maraíodh san Ómaigh na fíorthrodairí ar son na saoirse, arsa Michael Gallagher.

Maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fágtha ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí i gCo Thír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998.

Bhí Aiden Gallagher 21 bliain d'aois nuair a maraíodh é agus dúirt a athair Michael inniu go raibh suim ag a mhac i ngach aon rud a mbeadh suim ag daoine dá aois iontu.

Bhí an pobal sa Tuaisceart deighilte ag an am, arsa sé, ach mar mheicneoir bhí cairde ag Aiden ó gach aon ghrúpa creidimh agus sóisialta.

Ní dhearna sé idirdhealú ar bith idir dhaoine agus ba é croí na cuideachta é, a dúirt a athair.

An Ómaigh i ndiaidh na buamála

Thug Michael Gallagher le fios go raibh cuimhne mhaith aige ar mhaidin an 15 Lúnasa 1998.

Maidin ghalánta a bhí ann, chuaigh sé chuig an siopa áitiúil agus chonaic sé ceannlíne ar nuachtán faoi fhear óg a gortaíodh go holc i mbuamáil Inis Ceithleann i 1987 a bhí tar éis pósadh.

Shíl sé gur nuacht iontach a bhí ann ach ba bheag a shíl sé, arsa sé, go n-athródh a shaol féin go hiomlán agus go brách cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.

Dúirt Michael Gallagher chomh maith gur mharaigh an tIRA a dheartháir Hugh i 1984 ach go raibh dóchas ag an teaghlach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a síníodh ceithre mhí roimh bhuamáil na hÓmaí.

Mhaígh sé gur léir nach raibh an RUC agus an Garda Síochána ag comhoibriú le chéile mar ba cheart ag an am agus dúirt gur léir anois fosta go raibh baint ag buamálaithe na hÓmai le dhá bhuamáil déag eile ar a laghad roimhe sin.

Bhí Cat Gallagher 20 bliain d'aois nuair a maraíodh a deartháir

Dúirt deirfiúr Aiden Gallagher, Cat, go raibh sí 20 bliain d'aois nuair a chaill sí a deartháir. Go deimhin, arsa sí, chaill sí a teaghlach iomlán ar go leor dóigheanna an lá sin.

Dúirt sí gur chuimhin léi iarracht a dhéanamh Aiden a mhúscailt ina sheomra codlata an mhaidin Shathairn sin tar éis dó an oíche roimhe a chaitheamh i gcuideachta a chairde.

B'in é an uair dheireanach a chonaic sí é, a dúirt sí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ