skip to main content

Fear agus bean faighte marbh i dteach i gCo Chiarraí

I dteach i nGleann Beithe in Uíbh Ráthach a fuarthas na coirp
I dteach i nGleann Beithe in Uíbh Ráthach a fuarthas na coirp

Fuarthas marbh fear agus bean i dteach i nGleann Beithe, Uíbh Ráthach, i gCo Chiarraí ar maidin inniu.

Tuigtear gur sna caogaidí a bhí an bheirt agus measann na Gardaí go mb'fhéidir go raibh na coirp sa teach ón Nollaig.

Tá an áit caomhnaithe ag na Gardaí agus tá fios curtha acu ar Phaiteolaí Stáit.

Deir siad gur ar thorthaí an scrúdaithe iarbháis a bhunóidh siad a bhfiosrúchán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ