Tugtar le fios i Ráiteas Deireadh Bliana 2024 Údarás na Gaeltachta a foilsíodh inniu gur cruthaíodh 869 post nua i gceantair Ghaeltachta agus gur dhíol cliantchomhlachtaí na gníomhaireachta níos mó ná riamh anuraidh.
De réir an ráitis, bhí 9,743 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis faoi dheireadh na bliana; infheistíodh níos mó ná €7 milliún i dtionscadail forbartha pobail; tá pleananna teanga á gcur i bhfeidhm i 28 Limistéar Pleanála Teanga; agus tá treochlár á fhorbairt le haghaidh "uirlis Ardintleachta na Gaeilge".
Mar le fostaíocht, deirtear gur "[t]háinig méadú ar phoist i gcúig cheantar Gaeltachta, agus [go raibh] 200 post [fós] le líonadh i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta faoi dheireadh 2024".
I dtaca le cúrsaí díolacháin, tugtar le fios go "[m][b]a í seo an bhliain is fearr riamh ó thaobh díolacháin de do chliantchomhlachtaí an Údaráis, le díolachán iomlán de €1.098 billiún – ardú 4.4% ar 2023 agus méadú 28% i gcomparáid le deich mbliana ó shin. As an méid sin, bhain luach €658 milliún le heaspórtáil, méadú €20 milliún ó 2023".
Deirtear leis [go raibh] "28 Plean Teanga ag feidhmiú sa bhliain 2024, le buiséad €3.9m ag tacú le 36 post. Cheadaigh an Roinn maoiniú breise de €3.22m don Údarás chun dhá chlár tacaíochta nua a chruthú agus a reáchtáil ó 2025 ar aghaidh, dírithe ar úsáid na Gaeilge a threisiú i gcliantchomhlachtaí Gaeltachta".
Mar le forbairt pobail, deirtear gur "[i]nfheistíodh níos mó ná €7 milliún i bhforbairt pobail i mbliana. As an méid sin, tugadh €3.88 milliún mar dheontais oibriúcháin do 33 eagraíocht forbartha pobail sna ceantair Ghaeltachta".
Maidir le nuálaíocht dhigiteach de, tugtar le fios gur "[fógraíodh] próiseas tairisceana sa bhliain 2024 chun uirlis Ardintleachta (AI) don Ghaeilge a fhorbairt faoi dheireadh 2026".
Maítear "go [m][b]eidh an uirlis seo in ann feidhmiú le haon táirge Ardintleachta atá ar an margadh agus seirbhís i nGaeilge ghlan, chanúnach a chur ar fáil, ag cur na Gaeilge chun tosaigh mar eiseamláir do theangacha neamhfhorleathana ar fud na cruinne".
Ag trácht dó ar a bhfuil sa ráiteas, dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin go bhfuil "áthas orainn na torthaí láidre seo a roinnt libh ón mbliain is rathúla de chuid Údarás na Gaeltachta go dtí seo. Sa bhliain 2025, leanfaimid ag tógáil ar an bhfás seo ionas go leanfaidh na comhlachtaí a dtacaíonn an tÚdarás leo ag forbairt".
Dúirt Siobhán Ní Ghadhra, cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, "[c]é go bhfuilimid ag ceiliúradh an dul chun cinn seo, aithnímid na dúshláin atá romhainn. Táimid tiomanta do thodhchaí rathúil a chinntiú dár nGaeltachtaí, ag tacú leis an ngeilleagar áitiúil, agus ag cinntiú go leanaimid ar aghaidh ag cothú agus ag caomhnú na teanga atá ríthábhachtach i gcothabháil pobal inmharthana Gaeltachta."
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ