Rialaigh an Ceann Comhairle Verona Murphy nach féidir le seisear Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach grúpa teicniúil a bhunú i nDáil Éireann agus labhairt ó bhinsí an fhreasúra mar a bhí siad féin agus an Rialtas ag iarraidh.
Tacaíonn ceathrar den seisear leis an Rialtas – Michael Lowry, Gillian Toole, Barry Heneghan agus Danny Healy-Rae – agus rialaigh an Ceann Comhairle nach féidir breathnú orthu mar fhreasúra.
Thug Verona Murphy le fios go ndearna sí an cinneadh tar éis di a machnamh a dhéanamh ar chomhairle dlí a fuair sí, ar aighneachtaí éagsúla agus ar ráitis a rinne na Teachtaí Neamhspleácha iad féin.
Is é toradh an rialaithe nach mbeidh cead ag na Neamhspleáigh an Taoiseach agus an Tánaiste a cheistiú le linn Cheisteanna na gCeannairí sa Dáil.
Deis sheachtainiúil ag an bhfreasúra is ea Ceisteanna na gCeannairí chun an Taoiseach agus an Tánaiste a cheistiú ar ábhair éagsúla agus a ndúshlán a thabhairt.
Tá fáilte curtha ag an bhfreasúra roimh chinneadh Verona Murphy tar éis a raibh ann de chur agus cúiteamh.
Dúirt príomhaoire Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn gur follas nach féidir a bheith sa rialtas agus sa fhreasúra ag an am céanna agus dar leis gur cúis náire an cúrsa ar fad don Rialtas.

Dar le ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik gur dearbhú atá sa chinneadh ar a raibh á rá ag an bhfreasúra ón tús.
Teachta Dála Neamhspleách a bhí bainteach leis an nGrúpa Réigiúnach is ea an Ceann Comhairle agus dúirt leascheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Cian O'Callaghan cé go raibh sé sásta lena cinneadh gur thacaigh sí le dearcadh na Neamhspleách ar an gceist roimhe seo.
Beidh tuilleadh comhráite ag na páirtithe inniu faoi nósanna imeachta na Dála san am le teacht i bhfianaise na conspóide.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ