Bhí máthair bhuachaill scoile dhá bhliain déag d'aois ar dhuine de na daoine a thug fianaise inniu ag an fhiosrúchán poiblí faoi bhuamáil na hÓmaí i 1998.
Maraíodh 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fágtha ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí i gCo Thír Eoghain tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998.
Ar an cheathrú lá den fhiosrúchán poiblí, atá ar siúl san Ómaigh, thug máthair Shaun McLaughlin chun cuimhne go raibh sí féin agus an chuid eile den chlann ag fanacht le Shaun pilleadh abhaile ar an bhus an lá úd ach nach raibh sé le feiceáil nuair a chuaigh siad faoina choinne.
Maraíodh fosta Oran Doherty, buachaill ocht mbliana d'aois as Bun Cranncha, i gcuideachta Shaun McLaughlin agus James Barker, buachaill eile dhá bhliain déag, agus dúirt a máthair inniu gur gníomh suarach in aghaidh gach aoisghrúpa agus gach cultúir a bhí sa bhuamáil.

Ag an fhiosrúchán inniu, léigh deirfiúr Oran Doherty, Lisa Dillon, ráiteas thar ceann a máthar, Bernie, ina ndúirt sí go raibh leisce uirthi ligean dá mac dul chun na hÓmaí an lá cinniúnach úd cionn is chomh hóg is a bhí sé. Bhí géillte aici dá iarratas an oíche roimhe sin, ámh, a dúirt sí.

Ba as Bearach i gCo Thír Eoghain Esther Gibson, a bhí 36 bliain d'aois.
Bhí sí ag siopadóireacht san Ómaigh an lá úd agus bhí sí tar éis a portráid a ghlacadh lena páirtí Kenneth. Bhí an lánúin le pósadh an samhradh dar gcionn.
I ráiteas ag an fhiosrúchán inniu, dúirt duine de dheirfiúracha Esther, Caroline Martin, gur shocraigh na deirfiúracha eatarthu go bpósfadh Caroline roimh Esther ó tharla go raibh sí níb óige ná Esther.
Ar an drochuair, bhí Esther marbh nuair a phós Caroline mí i ndiaidh na buamála.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ