skip to main content

Ceannairí Eorpacha i ndáil chomhairle faoi pholasaithe Trump

An Taoiseach Micheál Martin sa Bhruiséil inniu
An Taoiseach Micheál Martin sa Bhruiséil inniu

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nár mhór don Aontas Eorpach agus do na Stáit Aontaithe comhoibriú le chéile i dtaca le cúrsaí trádála mar go mbeadh daoine sa dá áit thíos leis, arsa sé, dá gcuirfí polasaithe cosantaíocha i bhfeidhm.

Ag trácht a bhí an Taoiseach ar na taraifí a cheaptar atá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le gearradh ar an Aontas Eorpach go gairid.

Ag labhairt sa Bhruiséil a bhí sé, mar a bhfuil ceannairí an Aontais Eorpaigh tagtha i ndáil chomhairle le cúrsaí cosanta míleata a chriathrú agus neamhchinnteacht ann faoina bhfuil ar intinn ag Donald Trump maidir leis an gcogadh san Úcráin.

Is minic Donald Trump ag caint ar acmhainn Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a mhaolú ar chúiseanna éagsúla, agus tá imní ar cheannairí an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh sin dul i gcion ar chumas na hÚcráine cur in aghaidh na Rúise.

Cruinniú neamhfhoirmiúil atá sa teacht le chéile sa Bhruiséil agus tá éan cuideáin – Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer – tá sé le páirt a ghlacadh ann níos deireanaí tráthnóna.

Seo é an chéad uair ag aon Phríomh-Aire na Breataine dul i ndáil cheannairí an Aontais Eorpaigh ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas cúig bliana go ham seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ