skip to main content

Gan cosúlacht réitigh fós ar chonspóid i nDáil Éireann

Dáil Éireann le teacht le chéile arís arú amárach
Dáil Éireann le teacht le chéile arís arú amárach

Gan réiteach fós tá an chonspóid faoi chearta freasúra a thabhairt do Theachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach a thacaíonn leis an Rialtas, agus Dáil Éireann le suí arís arú amárach.

Tá cos curtha i dteannta ag duine de na Teachtaí Neamhspleácha úd, Michael Lowry as Tiobraid Árainn Thuaidh, agus é ráite aige nach ngéillfidh sé d'éileamh pháirtithe an fhreasúra – thar aon éileamh eile – gan cead a thabhairt don Ghrúpa Réigiúnach páirt a ghlacadh i gCeisteanna na gCeannairí sa Dáil.

De réir nósanna imeachta na Dála, deis ag an bhfreasúra is ea Ceisteanna na gCeannairí chun an Taoiseach agus an Tánaiste a cheistiú agus a ndúshlán a thabhairt.

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik, tá sé ráite acu nach ngéillfidh siad féin orlach ar an gceist mar go mb'áiféiseach an scéal é, dar leo, dream a thacaíonn leis an Rialtas a chur i gcéill gur lucht freasúra iad ag an am céanna.

Ní féidir é bheith ina ghruth agus ina mheadhg ag an nGrúpa Réigiúnach, a deir siad.

Ní Ceisteanna na ngCeannairí amháin atá i dtreis arae tá cearta eile freasúra á n-éileamh ag an nGrúpa Réigiúnach, cuir i gcás, rúin a chur os comhair na Dála.

Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Micheál Martin go mbeadh sé sásta cruinniú a bheith aige le páirtithe an fhreasúra amárach d'fhonn an cheist a réiteach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ