Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách,Michael Lowry anocht nach mbeadh aon ghlacadh aigesan leis an éileamh ón bhFreasúra go bhfágfaí ar lár a ghrúpa teicniúil a bhfuil seisean páirteach ann i seisiún na Dála ina gceistítear na ceannairí.
Bhí an Teachta Dála do Thiobraid Árann Thuaidh ag labhairt le linn an agallaimh a thug sé do Nuacht RTÉ.

'Déanfaidh páirithe an fhreasúra gach rogha a mheas ar mhaithe lenár gcearta cainte sa Dáil a chosaint' a dúirt Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald níos túisce inniu.
Bhí sise ag labhairt ar an gclár raidió de chuid RTÉ,'This Week'.
Tá sé ina achrann le coicís faoi chead cainte ar bhínse an fhreasúra do Theachtaí Dála neamspléacha atá ag tacú leis an Rialtas.
Deir an Rialtas go dtabharfar breis am cainte sa Dáil agus nach mbeidh páirtithe an fhreasúra gann ar am.

Tá cruinniú eile le bheith ag Coiste um Buan-Orduithe agus Athleasú na Dála Dé Máirt féachaint le theacht ar réiteach.
Níor éirigh leis teacht ar réiteach i ndiaidh cruinnithe fada Déardaoin agus Dé hAoine.
Scríobh ceannairí pháirtíthe an fhreasúra chuig an Taoiseach lena chur in iúl dó go raibh siad ag diúltú do mholadh an rialtais go ndéanfaí an Grúpa Réigiúnach de Theachtaí Dála Neamhspleácha a rangú mar ghrúpa teicniúl neamhfhoirmeálta nach dtacaíonn leis an rialtas nó leis an fhreasúra.
Bhí sé ina raic nuair a d'fhill an Dáil le gairid le Taoiseach a thoghadh.
An chonspóid faoi chearta cainte sa Dáil faoi ndear é.
Bhagair Mary Lou McDonald inniu go bhféadfadh sé go siúlfadh teachtaí an fhreasúra amach as an Dáil Dé Céadaoin seo chugainn mura réitítear an scéal seo.
Ar RTÉ Raidió a 1 inniu, dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil, Paul McAuliffe ar ball de Choiste Athleasaithe na Dála é nach faoi siúd ná faoin fhreasúra atá sé cur síos a dhéanamh ar Michael Lowry mar Theachta Dála Rialtais ná freasúra.
'Is faoi Michael Lowry fhéin atá sé agus tá scríofa ag Lowry chuig an gCeann Comhairle lena rá nár mhaith leis go mbeadh ceangal aoireachta an Rialtais air', a dúirt an Teachta McAuliffe.
'Faoinár moltaí chuirfí leis an méid ama cainte a bheadh ag Teachtaí Dála agus ní bhainfí aon am cainte ón fhreasúra', a dúirt sé.
Thug ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik le fios tráthnóna gur labhair sí leis an Taoiseach agus an Tánaiste faoin cheist inniu agus go bhfuil siadsan sásta bualadh le ceannairí na bpáirtithe eile le iarracht a dhéanamh theacht ar réiteach sula bhfillfidh an Dáil Dé Céadaoin, an 5Feabhra.