skip to main content

Benjamin Netanyahu ag bualadh le Donald Trump i Washington

Benjamin Netanyahu (ar dheis) ag bualadh le Donald Trump sa Teach Bán i Washington
Benjamin Netanyahu (ar dheis) ag bualadh le Donald Trump sa Teach Bán i Washington

Deir Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu, go mbeidh ceisteanna móra slándála don Mheánoirthear á bplé le linn an chruinnithe atá le bheith aige le Uachtarán Mheiriceá sna laethanta romhainn.

Is i Washington a chasfaidh ceannaire rialtas Iosrael le Donald Trump.

Deirtear go bpléifidh siad an dara céim den sos comhraic i Gaza nuair a thagann deireadh leis an gcéad tréimhse an mhí seo chugainn.

Níl aon dáta leagtha amach go fóill le go bhfreastalóidh toscairí ó Hamas agus Iosrael chomh maith le lucht idirbheartaíochta ar chainteanna le síneadh a chur leis an tréimhse 42 lá atá ann faoi láthair.

Is é Benjamin Netanyahu an chéad cheannaire Rialtais le cuairt a thabhairt ar Donald Trump ó rinneadh Uachtarán dhe dá dhara tréimhse.

Seo é an chéad uair ag Netanyahu a bheith sa Teach Bán ó tháinig sé ar ais i gcumhacht in Iosrael ag deireadh 2022.

Deatach trom na cogaíochta ar an Bhruach Thiar

Ní raibh a chaidreamh ró-mhaith le réamas Joe Biden, nó sin í an tuairim choitianta pé scéal é.

Ach deir Príomh-Aire Iosrael go bhfuil sé dóchasach i réamas Trump agus go dtiocfaidh síochán dá thoradh sa Mheánoirthear.

Má tá sos comhraic i stráice Gaza faoi láthair ní fhágann sin síochán idir fórsaí Iosrael agus na Pailistínigh mar go bhfuil buamálacha á scaoileadh anois le ceantair ar an Bhruach Thiar.

Deirtear go bhfuil suas le scór foirgneamh leagtha lámh le Jenin agus saighdiúirí Iosrael más fíor dóibh féin sa tóir ar mhílisteoirí agus a gcuid arm.

Chuir fórsaí Iosrael tús leis an ionsaí ar Jenin ar an 21 Eanáir.

Tá 3m Pailistíneach ag cur fúthu ar an Bhruach Thiar.