skip to main content

Cogadh trádála ar na bacáin ceaptar a bhuíochas do Trump

'Bainfidh mise sodar as a gcuid earraí'-Donald Trump
'Bainfidh mise sodar as a gcuid earraí'-Donald Trump

Deirtear go bhféadfadh sé a bheith ina chogadh dian trádála anois a bhuíochas do chinneadh Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump taraifí a ghearradh ar thíortha áirithe.

Ó arú amárach tiocfaidh an tSín,Meicsiceó agus Caenada faoi anáil na dtaraifí sin.

Formhór na dtáirgí a thiocfaidh go Meiriceá ó Chaenada anois íocfar 25% breise orthu agus tá a mhacsamhail i gceist i gcás Mheicsiceó.

An Príomh-Aire Trudeau sách feargach faoin scéal

Deir an tUachtarán Trump go bhfanfaidh na taraifí go dtí go dtéann na tíortha sin i ngleic leis an 'imirce mídhleathach' isteach chun na Stát Aontaithe.

Tá 10% de chostas breise le gearradh ar earraí ón tSín a importáiltear chuig na Stáit Aontaithe.

Deir eacnamaithe áfach go mbuailfear fás eacnamíochta go domhanda, go bhfulaingeoidh Meiriceá boilsciú agus gur cogadh trádála an toradh a bheidh uilig air.

Tá sé tugtha le fios cheana féin ag Príomh Aire Chaenada,Justin Trudeau go mbuailfidh a thír féin taraifí ar earraí ó Mheiriceá.