Breis is 260 tiománaí a rugadh orthu le 24 uair a chloig agus iad ag sárú an uasteora luais.
Sin de réir na bhfigiúirí atá eisithe ag an nGarda Síochána atá i mbun ceann dá fheachtais speisialta an tsaoire bainc an deireadh seachtaine seo.
Taifeadadh tiománaí amháin a deirtear agus é ag déanamh 163Km san uair in áit a raibh comhartha luais do 100 chíliméadar.
Go dtí seo tá a fhios go raibh breis is 840 tiománaí a raibh an luas á shárú acu an deireadh seachtaine seo.
Ó mhaidin Déardaoin seo caite gabhadh 100 tiománaí faoi bheith ag tiomáint faoi thionchar dhrugaí nó alcóil.