skip to main content

An comhaireamh ag dul ar aghaidh don Seanad

Leantar leis an gcomhaireamh don Teach Uachtarach
Leantar leis an gcomhaireamh don Teach Uachtarach

Táthar ag leanacht ar aghaidh inniu leis an gcomhaireamh do Thoghchán an tSeanaid.

Painéal an tSaothair Gairme atá i gceist agus tofa go dtí seo tá Chris Andrews,an t-iar Theachta Dála le Sinn Féin a chaill a shuíochán san olltoghchán deiridh.

Tofa freisin tá Gerard Craughwell,Neamspleách; Robbie Gallagher agus Margaret Murphy O'Mahony ó Fhianna Fáil, agus Patricia Stephenson óna Daonlathaithe Sóisialta.

Inné bhain Aontú amach suíochán sa Seanad den chéad uair nuair a toghadh Sarah O'Reilly.

Tofa freisin don Seanad tá Mike Kennelly, Mark Duffy agus Joe O'Reilly ó Fhine Gael.

Ba inné a líonadh na suíocháin ar fad do Phainéal na Talmhaíochta.

11 suíochán atá i gceist agus seo a leans a toghadh:

Malcolm Noonan (Green); Joanne Collins (Sinn Féin); Victor Boyhan (Neamspleách); Paul Daly (Fianna Fáil); Niall Blaney (Fianna Fáil); Teresa Costello (Fianna Fáil); Eileen Lynch (Fine Gael); Sarah O'Reilly (Aontú); Paraic Brady (Fine Gael); Maria Byrne (Fine Gael) and PJ Murphy (Fine Gael).