Tá sé ráite ag an iar-Aire Dlí is Cirt,Charlie Flanagan go bhféadfadh sé go mbeadh fianaise thábhachtach i dtaca le buamáil na hÓmaí nach mbeadh ar fáil don fhiosrúchán sa Ríocht Aontaithe mar nach bhfuil a mhacasamhail d'éisteacht anseo sa Phoblacht.
Agus ar an gclár raidió 'This Week' ar RTÉ tráthnóna d'aontaigh ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald leis ag rá nach raibh tada níos lú tuillte ag gaolta na n-íosbartach.

'Níl sé de chumhacht ag rialtas an stáit seo iallach a chur ar dhaoine atá ina gcónaí an taobh seo den teorainn dul agus fianaise a thabhairt i ndlínse eile' atá ráite ag an iar-Aire Flanagan.
Thug sé le fios go mbainfeadh sé seo ón bhfiosrúchán atá bunaithe i dTuaisceart Éireann agus a thosaigh éisteachtaí roinnt laethanta.
Dúirt sé freisin gur aontaigh sé le tuairim roinnt de mhuintir na n-íosbartach a bhí ag iarraidh a mhacasamhail d'éisteacht ann i bPoblacht na hÉireann.
Tá sé ráite i gcónaí ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste go gcomhoibreoidh an Rialtas go hiomlán le Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí.
29 duine a maraíodh san uafás sin a tharla i Lúnasa 1998.