Deir Bord Soláthar an leictreachais (BSL) nach bhfuil fágtha anois le ceangal ar ais ar a ghréasán i ndiaidh na stoirme Éowyn ach suas le 45,000 custaiméar.
Thug sé le fios ag 1700 inniu go bhfuil an chumhacht aibhléise curtha ina ceart in athuair do suas 729,000 anois idir theaghlaigh,fheirmeacha agus ghnólachtaí.
Deir sé freisin go bhfuil sé ar a dhícheall ag iarraidh an chuid eile atá fágtha anois gan leictreachas le breis is seachtain a chur ina gceart.
'Tá innealtóirí on Bhreatain agus tíortha eile ón Aontas Eorpach ag tacú leis an iarracht' a deir sé.
Tuairiscítear go bhfuil suas le 1,600 custaiméir i dTuaisceart Éireann d'uireasa na cumhachta aibhléise go fóill ó thug an stoirm ropadh faoin oileán seachtain ó Dé hAoine seo caite.