Sár-thaispeántas ó bhuachaillí Simon Easterby sa dara leath a chinntigh an bua seo d'Éirinn sa gcéad chluiche i gComórtas na 6 Náisiún i mbliana.
5 phointe de fharasbarr a bhí ag na seaimpíní reatha ar deiridh.
2 úd a fuair Sasana ag tarraingt ar an deiridh a chuir slacht níos fearr ar chlár na scór dóibhsean mar go raibh Éirinn cuid mhaith chun cinn orthu sa dara leath.
10-5 i bhfábhar na Sasanach a bhí ann ag leath am sa gcluiche idirnáisiúnta seo a imríodh i Staid an Aviva,Baile Átha Cliath tráthnóna.
Bhí cosúlacht air tráth gur cluiche é seo a d'fhéadfadh stangadh bhaint as an gcomórtas agus Sasana chun cinn agus deacrachtaí ag Éirinn ar uairimh imirt mar ba dhual dóibh.
Ach chinntigh úíd ó Thadhg Beirne agus Dan Sheehan sa dara leath nach sárófaí na hÉireannaigh ar a bhfód féin.
Díol sóláis do Shasana gur éirigh leo pointe amháin bónais a thabhairt leo.
27-22 an scór deiridh.