Bhagair Uachtarán Mheiriceá,Donal Trump nach loicfeadh sé ar na pleananna atá aige maidir le taraifí a chur i bhfeidhm ar na tíortha chaon taobh de na Stáit Aontaithe.
25% an taraif atá le gearradh an deireadh seachtaine seo ar earraí a importáileann Meiriceá ó Chaenada agus ó Mheicsiceó.
'Saoránaigh óna tíortha sin ag teacht go Meiriceá go mídhleathach chomh maith le fairsingiú an druga fentanyl faoi ndear na taraifí seo' a deir Donald Trump.

Tá taraif de 10% le gearradh ar earraí ón tSín.
'Ní thiocfaidh an tAontas Eorpach slán ó mo chuid taraifí ach oiread' a deir an tUachtarán Trump.
Tá imní léirithe áfach go gcuirfidh na taraifí seo le ráta boilscithe na Stát Aontaithe.