skip to main content

Tubaiste aeir eile i Meiriceá

Láthair na timpiste i gcathair Philadelphia
Láthair na timpiste i gcathair Philadelphia

Tuigtear nár tháinig aon duine slán ón timpiste aeir a tharla i gcathair Philadelphia sna Stáit Aontaithe tráthnóna inné.

Ba go gairid i ndiaidh di éirí a thuairt aerárthach othar 'medevac' a raibh seisear ar bord,leanbh ina measc.

Níl a fhios go fóill ar maraíodh aon duine san áit ar thit an t-eitleán.

Is le 'Jet Rescue Air' an t-eitleán atá i gceist, bunaithe i Meicsiceó ach ceadúnas aige feidhmiú sna Stáit Aontaithe.

Deir an comhlacht sin gur saoránaigh de chuid Mheicsiceó ar fad a bhí ar bord.

Níl aon eolas tagtha chun cinn fós maidir le céard ba chúis leis an taisme.

Seo í an dara timpiste aeir sna Stáit Aontaithe le roinnt laethanta anuas i ndiaidh na tubaiste a tharla os cionn Washington Dé Céadaoin seo caite.