skip to main content

Fiosrúchán faoi thine sa Tóchar i gCo.Chorcaí

Bhí 4 aonad den bhiogáid dóiteáin ar an láthair
Bhí 4 aonad den bhiogáid dóiteáin ar an láthair

Tá na gardaí ag iarraidh a dhéanamh amach céard ba chúis leis an tine in árasán i gContae Chorcaí inné inar maraíodh fear 62 bliain d'aois.

Cuireadh na seirbhísí éigeandála ar an eolas faoin tine a thosaigh san árasán i gceantar an Tóchair go gairid tar éis a 6 a'chlog tráthnóna.

Fuarthas an fear,Michael O'Sullivan (62) marbh ar an láthair.

Cuireadh cóir leighis ar an dara duine san árasán.

Rinneadh scrúdú teicniúil ar an láthair i gcaitheamh an tráthnóna.

Tá amhras ar na gardaí go mba fhéidir nach timpiste a bhí i mbás Michael O'Sullivan

Cuirfear scrúdú iarbháis ar an bhfear amárach.