skip to main content

Beirt fhear maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Cheatharlach

Ar bhóthar an N80 i mBaile Beag na Leamhach a tharla an tubaiste
Ar bhóthar an N80 i mBaile Beag na Leamhach a tharla an tubaiste

Maraíodh beirt fhear sna fichidí agus gortaíodh beirt eile go dona nuair a d'imigh an gluaisteán ina raibh siad den bhóthar i gCo Cheatharlach go moch ar maidin inniu,

Tharla an tubaiste ar bhóthar an N80 i mBaile Beag na Leamhach, Ráth Tó, ag thart ar 1.15 ar maidin.

Bhásaigh tiománaí an ghluaisteáin agus fear eile ar an mball.

Bhí beirt eile sa ghluaisteán – fear agus bean, sna fichidí an bheirt acu – agus tugadh iadsan chuig Ospidéal Ginearálta Lúcáis i gCill Chainnigh.

Deirtear go bhfuil siad go dona tinn ach nach bhfuil siad i mbaol báis.

Creideann na Gardaí gur ag dul ó thuaidh ó cheantar Stua Laighean go baile Cheatharlach a bhí an ceathrar nuair a tharla an tionóisc.

Daoine a bhí ag tiomáint ar bhóthar an N80 idir an meán oíche agus 1.15 ar maidin, tá na Gardaí ag achainí orthu teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.

Láthair na tubaiste i mBaile Beag na Leamhach

Bliain is an lá inniu, maraíodh triúr daoine óga nuair a d'imigh an gluaisteán ina raibh siad den bhóthar céanna, i ngar don áit ar tharla an tionóisc ar maidin inniu.

B'in iad Michael Kelly, 25 bliain, as an Urnaí i gCo Cheatharlach; Daryl Culbert, 22 bliain, as Cill Téagáin i gCo Chill Mhantáin; agus Katie Graham, naoi mbliana déag, as an Ardlios i gCo Laoise.

Tarraingíodh aird ag an am ar dhroch-chaighdeán sábháilteachta bhóthar an N80.

Duine de Theachtaí Dála Cheatharlach-Cill Chainnigh, Jennifer Murnane O'Connor ó Fhianna Fáil, dúirt sí ag an am go raibh tuilleadh fógraí agus comharthaíocht shoiléir ag teastáil ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ