skip to main content

Taifeadáin eitilte ón tubaiste aeir in Washington faighte

Seirbhísí tarrthála i mbun cuardaigh ar Abhainn an Potomac
Seirbhísí tarrthála i mbun cuardaigh ar Abhainn an Potomac

Tá sé deimhnithe ag na húdaráis sna Stáit Aontaithe go bhfuarthas an dá thaifeadán eitilte – na boscaí dubha, mar a thugtar ortu – ón eitleán paisinéirí a thuairteáil in Abhainn an Potomac in Washington DC arú aréir.

Tá mionsonraí digiteacha faoi chonair na heitilte i gceann de na taifeadáin agus tá a ndúirt na píolótaí i gcaitheamh na heitilte sa cheann eile.

Maraíodh 67 duine nuair a bhuail an t-eitleán agus héileacaptar míleata faoina chéile san aer in aice le hAerfort Náisiúnta Reagan in Washington.

Bhí 64 duine ar an eitleán agus bhí triúr saighdiúirí sa héileacaptar.

Bhí an t-eitleán tagtha ó Wichita, Kansas agus bhí sí i mbéal tuirlingt san aerfort in Washington nuair a tharla an tubaiste.

Siúd is nach bhfuil an fiosrúchán ach ina thús, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump an milleán faoin tubaiste ar rialacha maidir le hilchineálacht agus comhionannas san ionad oibre a thug an rialtas deireanach isteach, dar leis.

Is cosúil gurb é atá ar intinnn ag an Uachtarán Trump nach bhfuil na dintiúir chuí ag daoine áirithe a bhfuil poist chinniúnacha acu, dar leis, agus gur de ghrá na hilchineálachta amháin a tugadh na poist sin dóibh.

De réir an New York Times, is rialtóir aerthráchta amháin a bhí ag tabhairt treoracha don eitleán agus don héileacaptar araon cé gur cheart beirt a bheith ann de réir nóis agus cleachtaidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ