Tá Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann ag iarraidh ar an Rialtas athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Stoirm Éowyn agus ar na hullmhúcháin a rinneadh faoina choinne.
Dúirt leasuachtarán an chumainn Alice Doyle gur chóir don Rialtas tascfhórsa a bhunú láithreach le dul i ngleic leis na laigeachtaí sa chomhordú éigeandála a tháinig chun solais i rith na stoirme.
Ba cheart do dhaoine atá thíos leis agus a bhfuil guthaíocht mhór acu ar an gceist a bheith páirteach sa tascfhórsa, a dúirt sí mar Alice Doyle.
Dar le Bord Soláthair an Leictreachais go bhfuil thart ar 76,000 áitreabh gan cumhacht leictreach i gcónaí, seachtain tar éis do Stoirm Éowyn an tír a thuargaint.
768,000 áitreabh san iomlán a bhí fágtha gan chumhacht díreach i ndiaidh na stoirme ar maidin Dé hAoine seo caite.
Bhí cruinniú ag Alice Doyle ar maidin inniu le hionadaithe chumann na bhfeirmeoirí i gConnachta leis an ngéarchéim a phlé.
Dúirt an cathaoireach réigiúnach Brendan Golden go raibh feirmeoirí i gcruachás mar gheall ar an lot a rinne an t-anfa gaoithe agus tharraing aird go háirithe ar a dheacra a bhí sé le seachtain aire a thabhairt do bheostoc sna háiteanna ba mheasa a buaileadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ