skip to main content

'Samhnas' faoi phianbhreith ar mhuintir fir óig a maraíodh

Mac léinn iriseoireachta in Ollscoil Luimnigh ab ea Joe Drennan
Mac léinn iriseoireachta in Ollscoil Luimnigh ab ea Joe Drennan

I gCúirt Chuarda Luimnigh, gearradh sé bliana go leith príosúin ar fhear 21 bliain d'aois as tiomáint chontúirteach arbh é bás fir óig eile a thoradh.

Maraíodh Joe Drennan, mac léinn 21 bliain as Maighean Rátha i gCo Laoise, nuair a bhuail gluaisteán é agus é ag fanacht le bus ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath i Luimneach ar an 13 Deireadh Fomhair 2023.

Ba é Kieran Fogarty as Bóthar de hÍde i Luimneach an té a bhí ag tiomáint an ghluaisteáin ach níor stop sé ar an láthair le teacht i gcabhair ar Joe Drennan.

Céim san iriseoireacht in Ollscoil Luimnigh a bhí idir lámha ag Joe Drennan nuair a maraíodh é. Bhí sé sa cheathrú bliain ag an am.

Bhí a mhuintir sa chúirt inniu nuair a gearradh an phianbhreith ar Kieran Fogarty ach ní mó ná sásta a bhí siad.

Tim Drennan, athair Joe, dúirt sé leis an mbreitheamh nach raibh na sé bliana go leith príosúin a gearradh ar an gciontóir sách fada.

Sarah agus Marguerite Drennan taobh amuigh den chúirt i Luimneach inniu

Máthair Joe, Marguerite Drennan, agus deirfiúracha an fhir óig, Sarah, Ava agus Marie, dúirt siad taobh amuigh den chúirt gur chuir boige na pianbhreithe samhnas orthu.

I gceann na sé bliana go leith atá le cur isteach ag Kieran Fogarty, gearradh ocht mbliana príosúin air sa chúirt chéanna inniu as ionsaí lámhaigh a dhéanamh i Luimneach i mí an Mheithimh 2023.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ