Áirítear thart ar 86,000 áitreabh a bheith gan cumhacht leictreach i gcónaí, beagnach seachtain ó shéid Stoirm Éowyn, ollanfa gaoithe a rinne scrios in áiteanna go leor, go háirithe san iarthar agus san iarthuaisceart.
768,000 áitreabh san iomlán a bhí fágtha gan chumhacht díreach i ndiaidh na stoirme ar maidin Dé hAoine seo caite, dar le Bord Soláthair an Leictreachais.
Tá sé tugtha le fios ag comhlachtaí árachais go bhfuil foireann bhreise curtha ar fáil acu le glacadh le glaonna teileafóin ó dhaoine atá thíos leis agus lena n-éilimh ar chúiteamh a phróiseáil go beo.
Tá stoirmeacha faoi chumhdach árachais de réir gnáthnóis agus cleachtaidh, agus ní call ar bith le himní ón taobh sin de, a dúirt urlabhraí na gcomhlachtaí árachais.
Dúirt an t-urlabhraí freisin gur féidir malairt lóistín a chur ar fáil do dhaoine a ndearna an stoirm damáiste mór dá dtithe.
Fógraíodh inniu freisin gur íocadh €225,345 le daoine éagsúla ó chiste cabhrach daonnúla an Rialtais le cúpla lá.
Tá fainic curtha ag na Gardaí ar an bpobal faoi dhaoine gan scrupall a d'fhéadfadh teacht i dtír orthu in am an ghátair, go háirithe daoine a ligeann orthu féin gur ceardaithe iad.
Daoine a bhfuil bail de dhíth go dóite ar a dtithe, comhairlítear dóibh gan ligean do strainséirí iad a dheifriú chuig an ngnó ná airgead a thabhairt dóibh roimh ré.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ