skip to main content

Na scórtha maraithe i dtubaiste aeir in Washington

Bhí 64 duine ar an eitleán a thit iseach in Abhainn an Potomac in Washington
Bhí 64 duine ar an eitleán a thit iseach in Abhainn an Potomac in Washington

Sna Stáit Aontaithe, maraíodh 67 duine nuair a bhuail eitleán paisinéirí agus héileacaptar míleata faoina chéile san aer in aice leis an aerfort náisiúnta in Washington DC aréir.

Chuaigh an t-eitleán trí thine mar gheall ar an mbrúscán, cuireadh í dá cúrsa agus thit de ráib isteach in Abhainn an Potomac.

Bhí an t-eitleán tagtha ó Wichita, Kansas agus bhí sí i mbéal tuirlingt in Aerfort Náisiúnta Reagan in Washington nuair a tharla an tubaiste.

Bhí 64 duine ar an eitleán – ceathrar oibrithe criú ina measc – agus bhí triúr saighdiúirí sa héileacaptar.

Tuigtear go raibh foireann oighearscátálaithe i measc na bpaisinéirí.

Ba le PSA Airlines, fochomhlacht de chuid American Airlines, an t-eitleán, ar scairdeitleán réigiúnach Bombardier í.

Sikorsky UH-60 a bhí sa héileacaptar, a dtugtar Black Hawk uirthi freisin.

Ní fios fós cad ba chúis leis an tubaiste ach tá amhras caite cheana féin ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar ghníomhartha phíolótaí an héileacaptair agus ar na treoracha a thug na rialtóirí aerthráchta san aerfort dóibh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ