Tá rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach, an chéad uair i mbliana agus an cúigiú huair ó thús an tsamhraidh seo caite.
Ísliú 0.25% atá i gceist agus fágann sin gur 2.75% atá sa phríomhráta úis anois.
Dea-scéala atá ann do thart ar 130,000 úinéir tí a bhfuil morgáiste rianúcháin acu.
Cuir i gcás, daoine a bhfuil €200,000 fós le híoc ar ais acu as seo go ceann deich mbliana nó cúig bliana déag, sábhálfaidh siad €25 sa mhí mar gheall ar an ísliú a fógraíodh inniu.
Tuigtear go dteastaíonn ón mBanc Ceannais Eorpach an príomhráta úis a ísliú go dtí 2% faoi dheireadh na bliana, a fhad is a thitfeas ráta an bhoilscithe ag an am céanna.
Is ag ardú atá ráta an bhoilscithe faoi láthair, áfach. 2.4% atá ann faoi láthair, le hais 1.7% i mí Mheán Fómhair anuraidh.
Cor anaithnid sa scéal is ea polasaithe eacnamaíochta Uachtarán nua na Stát Aontaithe Donald Trump.
Tá sé ag bagairt taraifí a ghearradh ar an Aontas Eorpach ach níltear cinnte an gcuirfidh sé i bhfeidhm iad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ