skip to main content

Gaza: triúr Iosraelach scaoilte saor ag Hamas

Sibhialtach Iosraelach á tabhairt ar láimh do Chumann na Croise Deirge ag Jiohád Ioslamach na Palaistíne
Sibhialtach Iosraelach á tabhairt ar láimh do Chumann na Croise Deirge ag Jiohád Ioslamach na Palaistíne

Scaoileadh saor inniu tríúr gialla Iosraelacha a bhí á gcoinneáil ag Hamas agus ag Jiohád Ioslamach na Palaistíne in Gaza le sé mhí dhéag.

Saighdiúir mná 20 bliain d'aois, bean 29 bliain agus fear 80 bliain is ea an triúr ar tugadh ar láimh iad do Chumann na Croise Deirge in Jabalia i dtuaisceart Gaza ar maidin.

Tugadh an saighdiúir chun an ospidéil i héileacaptar le haerfhórsa Iosrael a thúisce a saoradh í.

Fuadaíodh an bheirt sibhialtach ó Kibbutz Nir Oz i ndeisceart Iosrael nuair a rinne lucht airm Hamas mórionsaí ar an gceantar sin ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.

Tá cúigear sibhialtach as an Téalainn a fuadaíodh an lá céanna le scaoileadh saor ag Hamas inniu freisin.

Tá sé geallta ag na hIosraelaigh 110 cime Palaistíneach a scaoileadh amach as an bpríosún níos deireanaí inniu chomh maith.

Cuid den sos comhraic sé seachtaine a cuireadh i bhfeidhm aon lá dhéag ó shin is ea an malartú géibheannach.

Sciob sceab ar bhunriachtanas in Rafah i ndeisceart Gaza

Cuid eile is ea an léigear atá na hIosraelaigh a chur ar Gaza a mhaolú agus tuilleadh soláthairtí éigeandála a ligean isteach san iamhchríoch.

Deir Hamas, áfach, go bhfuil na hIosraelaigh ar cur moill ar chabhair dhaonnúil i gcónaí agus nach bhfuil leath a ndóthain á fháil ag daoine atá ar an ngannchuid.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ