Creideann an comhlacht comhairleoireachta tithíochta Mitchell McDermott nach dtógfar an oiread áras cónaithe agus atá geallta ag an Rialtas as seo go ceann trí bliana.
I dtuarascáil a d'fhoilsigh Mitchell McDermott inniu, deirtear gur cosúil gur thart ar 32,000 teach agus árasán a thógfar i mbliana cé gur 60,000 atá ag teastáil.
De réir figiúirí a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh seachtain ó shin, tógadh 30,330 áras cónaithe sa Stát anuraidh, ar laghdú de 6.7% é sin ón mbliain roimhe.
É sin tar éis go ndúirt an Taoiseach ag an am Simon Harris agus an tAire Tithíochta ag an am Darragh O'Brien go mbeadh 40,000 áras cónaithe nua tógtha faoi dheireadh 2024.
Dar le lucht Mitchell McDermott go bhfuil na rialacha a bhaineann le cead pleanála go mór i gceist.
Deirtear sa tuarascáil a foilsíodh inniu gur tugadh cead pleanála le haghaidh 35,000 áras cónaithe nua anuraidh, an líon ba lú le blianta fada agus 6,000 níos lú ná an bhliain roimhe.
Deirtear freisin gur caolseans go dtógfar 300,000 áras cónaithe nua faoi 2030, mar atá geallta ag an Rialtas, mura ndéanfar athrú ó bhonn ar an gcur chuige.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ