Tugadh daoine amach as scoileanna agus ionaid ghnó i mBaile Chláir in oirthear na Gaillimhe inniu mar gheall ar dhóiteán a tharla i monarcha ceallraí litiam sa cheantar.
Inné a tharla an dóiteán agus cé gur múchadh na lasracha, is cosúil go bhfuil gáis nimhiúla san aer ansin i gcónaí.
Aistríodh 1,300 dalta scoile ó Choláiste Bhaile Chláir go Clubtheach CLG Bhaile Chláir i gCnoc Tua Mór agus aistríodh daltaí ó scoil náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile go dtí an séipéal áitiúil.
Is i monarcha Xerotech i bPáirc Chorparáideach Bhaile Chláir a tharla an dóiteán.
Déanann Xerotech ceallraí le haghaidh feithiclí tionsclaíocha leictreacha.
Tá an Pháirc Chorparáideach dúnta nó go scaipfidh na gáis nimhiúla.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ