skip to main content

Cead cás dlí a thabhairt maidir le cruinnithe den Chomhaireacht

An Teachta Dála Pa Daly taobh amuigh den Ard-Chúirt inniu
An Teachta Dála Pa Daly taobh amuigh den Ard-Chúirt inniu

Tá cead tugtha ag an Ard-Chúirt don Teachta Dála as Ciarraí, Pa Daly ó Shinn Féin, cás dlí a thabhairt in aghaidh chinneadh an Rialtais nuabhunaithe cead a thabhairt do cheathrar Airí Stáit freastal ar chruinnithe den Chomhaireacht.

Is iad na hAirí Stáit atá i gceist Hildegarde Naughton ó Fhine Gael, Mary Butler ó Fhianna Fáil, agus na Neamhspleáigh Seán Canney agus Noel Grealish ón nGrúpa Réigiúnach.

Tá Pa Daly ag iarraidh ar an Ard-Chúirt a fhógairt go bhfuil sé míbhunreachtúil an ceathrar a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhaireacht.

De réir Bhunreacht na hÉireann, a deir an Dálach, níl cead ag níos mó ná cúig Aire Rialtais déag freastal ar na cruinnithe sin.

Ina cheann sin, ar sé, a ndeirtear i gcruinnithe den Chomhaireacht, tá sé faoi rún agus níl cead a phlé le daoine eile.

Dar le Pa Daly go gcaithfear reifreann a ghairm ar an gceist má theastaíonn ón Rialtas níos mó ná cúig dhuine dhéag a scaoileadh isteach i gcruinnithe den Chomhaireacht.

Tiocfaidh an cás os comhair na hArd-Chúirte arís Dé Máirt seo chugainn, tráth a thabharfar deis do dhlíodóirí an Rialtas freagra a thabhairt ar argóint Pa Daly.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ