Fógraíodh go hoifigiúil tráthnóna inniu Airí Stáit an Rialtais nuabhunaithe.
Maidir le Fine Gael, tá ardú céime faighte ag triúr. Sin iad Colm Brophy ó dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar Theas, Jerry Buttimer ó Chorcaigh Theas-Lár agus John Cummins ó Phort Láirge.
Níl aon phost tugtha an uair seo don Fhine Gaelach Colm Burke ó Chorcaigh Thuaidh-Lár a bhí ina Aire Stáit sa rialtas deireanach.
Ó thaobh Fhianna Fáil de, tá ardú céime faighte ag seisear. Sin iad Timmy Dooley ó dháilcheantar an Chláir; Niamh Smyth ón gCabhán-Muineachán; Michael Moynihan ó Chorcaigh Thiar Thuaidh; Christopher O'Sullivan ó Chorcaigh Thiar Theas; Jennifer Murnane O'Connor ó Cheatharlach-Cill Chainnigh; agus Robert Troy ón Longfort-an Iarmhí.
Charlie McConalogue ó Dhún na nGall a bhí ina Aire Talmhaíochta sa rialtas deireanach, tá sé féin ar dhuine de na Fianna Fáiligh a ceapadh ina nAirí Stáit inniu freisin.
Tá 23 Aire Stáit san iomlán ann, sin triúr níos mó ná mar a bhí sa rialtas deireanach.
Níl ach seisear ban ina measc, áfach, sin thart ar an gceathrú cuid.
Chomh maith leis an mbeirt bhan a ceapadh inniu – Niamh Smyth agus Jennifer Murnane O'Connor – ceapadh ina nAirí Stáit an tseachtain seo caite Mary Butler ó Fhianna Fáil, Hildegarde Naughton agus Emer Higgins ó Fhine Gael agus an Neamhspleách Marian Harkin.
As an gcúig Aire Rialtais déag a ceapadh an tseachtain seo caite, is iad sin na hairí sinsearacha, ní raibh ach triúr ban ina measc – Norma Foley ó Fhianna Fáil, agus Helen McEntee agus Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael.
Ceaptar go dtarraingeoidh an freasúra aird ar cheist na mban sa Dáil anocht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ